Clannad

Bunan Bui
A bhonnáin bhuí 's é mo léan do luí'S do chnámha sínte tar éis do ghrinn'S ní easpa bidh, ach díobháil díA d'fhág 'do luí thú ar chúl do chinnIs measa liom féin ná scrios na TraíTú a bheith 'do luí ar leaca lom'Is nach ndearn' tú díth ná dola sa tír'S nárbh fhearr leat fíon ná uisce pollNí hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagaoinAn chuach, an traonach ná'n chorr bhreacAch mo bhonnán buí, a bhí lán den chroí'S gur chosúil liom féin é i nós 's i ndathBhíodh sé 'síoraí 'g ól na díIs deirtear go mbímse mar sin sealNíl aon bhraon dá bhfaighinn nach ligfinn síosAr eagla go bhfaighinnse bás den tart'S é 'd'iarr mo stór orm ligean den ólNó nach mbeinnse beo ach seal beag gearrAch dúirt mé léi gur thug sí an bhréagIs gurbh fhaidide mo shaolsa an deoch úd 'fháilMar an bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidhA chuaigh in éag den tart ar ball?'S, a chomharsana cléibhe, fliuchaigí bhur mbéalMar ní bhfaighidh sibh aon bhraon i ndiaidh bhur mbáis Aus Songtexte Mania