Clannad

A Neansaí 'mhíle Grá
A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál Go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort! Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne. Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht, Is binne liomsa tú ná na téadaí; 'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh 'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé. Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird Abhus agus taobh thall den Éirne. Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaighe 'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin. A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol, Dá mbeinnse agus í le chéile? Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe. Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach Is aithris di gur buartha atá mé; Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche Le harraing atá trí mo thaobh deas. Aithris é dá súil, Aithris é dá cúl, Aithris é dá méin mhaith chéillí; Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha'. Songtexte Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí Tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht; An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom, Is ní aithneofar an aois ar m'éadan. A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím, Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne. An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian? Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais Aus Songtexte Mania